Mar pháirt de Loinneog Lúnasa 2014 –
Tá ceardlann ar an tsean-nós, eagraithe ag Doimnic Mac Giolla Bhríde, ceoltóir agus cumadóir áitiúil a bhfuil clú agus cáil air sa bhaile agus thar lear.
In éineacht le hÉamonn Ó Donnchadha, Saileog Ní Cheannabháin agus Connie Mhary Mhicí – cuirfidh na ceoltóirí duchasacha sean-nóis seo ceardlann ceoil den scoth ar fáil san Ghailearaí i nGaoth Dobhair ar an 9ú Lúnasa 10.30r.n. – 3.30i.n.
Leis an cheathrar thuas rannpháirteach, beidh 2 amhrán a chur i láthair ag gach duine acu, ag tosnú le stíl Dhún na nGall, le Doimnic, leis na hamhráin ‘Mo chreach, mo shúir” agus ‘Nuair a bhí mise óg’. Beidh Éamonn Ó Donnchadha againn ansin le stíl Chonamara agus na hamhráin ‘Beal Átha na hAbhann’ agus ‘Máirín Staunton’ agus fosta Saileog Ní Cheannabháin le– ‘Sadhbh Ní Bhruinnealach’ agus ‘MeiricÉa’. Tiocfaidh Connie Mhary Mhicí ar deireadh agus é ag ceol – ‘Is fada liom uaim’ agus ‘Réice Chairn tSiall’.
Ag deireadh na ceardlainne, beidh 8 n-amhrán le meascán stíle, foghlamtha ag na freastalaithe. Is cuma cé acú ceoltóir le taithí thú nó duine a bhfuil suim acú sa Sean-nós tá an ceardlann seo foirstéanach do gach leibhéal. Níos moille ar an lá céanna sin, beidh ceolchoirm leis na ceoltóirí sean-nóis seo i gcuideachta Gay Mc Keown mar aoi spéisialta ar na píopaí uilleann.
Ní seo an chéad cheardlann sean-nóis atá eagraithe ag Doimnic. Rinne sé ceann a réachtáil i gCultúrlann Mhic Réachtáin i mBéal Feirste, níos luaithe sa bhlian ina raibh níos mó na caoga duine páirteach ann..
Tá Doimnic ag ceol sean-nóis ó bhí sé ina ghasúr óg, ba ghnáth lena mhathair, Nellie Eoghan John Sheimí, ranganna a chuir ar fáil agus bhíodh Doimnic léi i gconaí.
Sa lá atá inniú ann bíonn Doimnic thart ar an domhan ag ceol sa stíl sean-nóis - tá sé go direach ar ais ó na Stáit Aontaithe. Faigheann sé cuireadh chuig féilte i dTír na mBascach, agus sa Ghearmain. Tá MA sa cheol aige agus ceithre cheirnín seolta go data aige. Bíonn Doimnic ag stiúradh cóir chomh maith, anseo sa bhaile agus I mBéal Feirste, áit a bhfuil leainúint iontach aige. Rinne sé an ceol do 3 leabhar amhráin – “ Ící Pící”, “Báidín Fheilimidh” agus “Ní thuigim daoine fásta”.
Deir Doimnic – “Sílim go gcaithfidh muid iarracht a dhéanamh an stíl sean-nóis a chuir chun cinn – bíonn daoine ó gach cóirneál den domhan ag mo cheardlainn sean-nóis. Tá mé bróduil a bheith páirteach i Loinneog Lúnasa, féile atá ag ceiliúradh an traidisúin beo saibhir amhranaíocht atá againn sa cheanntar Gaeltachta seo”.
Lá iomlán le ceoltóirí den scoth ar fáil ar €20 agus €8 ar an cheolchoirm a bheas ann an tráthnóna sin. Cuir d’áit in áirithe go luath fríd an Chrannog.
Cliceáil anseo do eolas ar Flybreak Loinneog Lúnasa ó BÁC agus Glaschú.