An Scoil Gheimhridh - "Sure you couldn't beat it"

Labhair mng.ie, Conor Day faoi píobaireacht, An Scoil Gheimhridh agus a dhéanamh conaí i nGaoth Dobhair.

Conor, an cuimhneach leat an chéad uair a chuala tú na píopaí uileann?

"Yes, I remember hearing Liam o Flynn playing “Shee Beag Shee Mhór”, and that was me hooked… I didn’t start the pipes until I was 20, which is kind of late. Growing up, Irish music was always played at home, Plantxy, The Chieftains, the Mc Peakes and The Furey’s, so traditional Irish music was probably in my head".

Tá tú ag teagasc ranganna píopaí mar pháirt de Scoil Gheimhridh, ach bíonn tú teagasc na píopaí sa Chrannog chomh maith, de mar atá ag eirí leat?

I will be teaching beginner uileann piping classes from the 28th Dec to the 31st (Book here). And, yes, I’ve been teaching the pipes at the Crannog for about 18 months. I have 4 pupils, all girls, that isn’t the norm in piping. They are all really good players and I really enjoy teaching them. One pupil won a scholarship for a week’s tuition at the Willie Clancy summer school this year.

Inish dúinn faoin "Coirm na bPíobairí" atá mar pháirt den Scoil Gheimhridh?

"Ciarán Mac Fheidhlimidh will be hosting a piping concert in association with Na Píobairí Uileanna with Gay Mc Keon (NPU), Síle Friel (Friel sisters) and myself. Ciarán is one of the top pipers going at the moment and a pleasure to listen to. I'm really looking forward to this event". (info below)

As well as teaching beginner piping classes throughout the winter school, there will be a chance to “Try the pipes” – you’ve done this before, what kind of response do you get?

"Yes this is maybe my 3rd or 4th time, it’s actually how the piping classes got started here in Gaoth Dobhair. Everyone enjoys it, and everyone is welcome and give it a go on the 28th.

An bhfuil comhairle ar bith agat do nduine tá ag smaointiú gabhal i gceann na bpíopaí (don chéad uair) ?

"Get stuck in, practice as much as possible, listen to all the old masters, Tommy Reck, Séamus Ennis, Willie Clancy, Leo Rowsome and also today’s greats who are too many to list - I think the standard of piping has never been better. I will also be teaching beginner classes as part of the winter school. 4 classes over 4 days.

Roghnaigh tú Gaoth Dobhair le conaí dhéanamh ann, an dáthairbhe go mothaíonn tú inspioraid sa cheantar?

Trá Machaire Gáthlán

"I love the outdoors, I find the natural wild beauty of Gaoth Dobhair inspiring and I suppose it does inspire you musically too. I’m originally from Belfast but always came to Donegal on holidays. I have more time here, not so much pressure like you would have in the city. I had two great musicians call to my house last week - we had a great piping session that afternoon you just wouldn’t get that in the city".

Anything exciting in the ‘pipeline’? :)

I brought the pipes round the local schools, and was really surprised at the response, so many children wanted to play them and loved the sound too, so we plan to start a new group of piping students in the New Year.

Do dhuine na raibh ag an Scoil Gheimhridh cheanna féin, caide'n cuir síos a dhéanfá air an fhéile don duine sin?

"An Scoil Gheimhridh has something for everyone, whether you’re a musical tourist, a seasoned player, or just learning. And this year there's guided walks, Irish language classes, and it all takes place in an area of outstanding natural beauty, sure you couldn’t beat it".

Ar Tuilleadh eolas ar an clár iomlán anseo www.scoilgheimhridh.com

Lá Ceoil ar an tSean Nós - Loinneog Lúnasa 2014 - Gaoth Dobhair

Mar pháirt de Loinneog Lúnasa 2014 –

Tá ceardlann ar an tsean-nós, eagraithe ag Doimnic Mac Giolla Bhríde, ceoltóir agus cumadóir áitiúil a bhfuil clú agus cáil air sa bhaile agus thar lear.

In éineacht le hÉamonn Ó Donnchadha, Saileog Ní Cheannabháin agus Connie Mhary Mhicí – cuirfidh na ceoltóirí duchasacha sean-nóis seo ceardlann ceoil den scoth ar fáil san Ghailearaí i nGaoth Dobhair ar an 9ú Lúnasa 10.30r.n. – 3.30i.n.

Leis an cheathrar thuas  rannpháirteach, beidh 2 amhrán a chur i láthair  ag gach duine acu, ag tosnú le stíl Dhún na nGall, le Doimnic, leis na hamhráin ‘Mo chreach, mo shúir” agus ‘Nuair a bhí mise óg’. Beidh Éamonn Ó Donnchadha  againn ansin le stíl Chonamara  agus na hamhráin ‘Beal Átha na hAbhann’ agus ‘Máirín Staunton’ agus fosta Saileog Ní Cheannabháin le– ‘Sadhbh Ní Bhruinnealach’ agus ‘MeiricÉa’. Tiocfaidh Connie Mhary Mhicí ar deireadh agus é ag ceol – ‘Is fada liom uaim’ agus ‘Réice Chairn tSiall’.

Ag deireadh na ceardlainne, beidh 8 n-amhrán le meascán stíle, foghlamtha ag na freastalaithe. Is cuma cé acú ceoltóir le taithí thú nó duine a bhfuil suim acú sa Sean-nós tá an ceardlann seo foirstéanach do gach leibhéal. Níos moille ar an lá céanna sin, beidh ceolchoirm leis na ceoltóirí sean-nóis seo i gcuideachta Gay Mc Keown mar aoi spéisialta ar na píopaí uilleann.

Ní seo an chéad cheardlann sean-nóis atá eagraithe ag Doimnic. Rinne sé  ceann a réachtáil i  gCultúrlann Mhic Réachtáin i mBéal Feirste, níos luaithe sa bhlian ina raibh níos mó na caoga duine páirteach ann..

Doimnic ag ceol sean-nóis ó bhí sé ina ghasúr óg, ba ghnáth lena mhathair, Nellie Eoghan John Sheimí, ranganna a chuir ar fáil agus bhíodh Doimnic léi i gconaí.

Sa lá atá inniú ann bíonn Doimnic thart ar an domhan ag ceol sa stíl sean-nóis - tá sé go direach ar ais ó na Stáit Aontaithe. Faigheann sé cuireadh chuig féilte i dTír na mBascach, agus sa Ghearmain. Tá MA sa cheol aige agus ceithre cheirnín seolta go data aige. Bíonn Doimnic ag stiúradh cóir chomh maith, anseo sa bhaile agus I mBéal Feirste, áit a bhfuil leainúint iontach aige. Rinne sé an ceol do 3 leabhar amhráin – “ Ící Pící”, “Báidín Fheilimidh” agus “Ní thuigim daoine fásta”.

Deir Doimnic – “Sílim go gcaithfidh muid iarracht a dhéanamh an stíl sean-nóis a chuir chun cinn – bíonn daoine ó gach cóirneál den domhan ag mo cheardlainn sean-nóis. Tá mé bróduil a bheith páirteach i Loinneog Lúnasa, féile atá ag ceiliúradh an traidisúin beo saibhir amhranaíocht atá againn sa cheanntar Gaeltachta seo”.

Lá iomlán le ceoltóirí den scoth ar fáil ar €20 agus €8 ar an cheolchoirm a bheas ann an tráthnóna sin. Cuir d’áit in áirithe go luath fríd an Chrannog.

Cliceáil anseo do eolas ar Flybreak Loinneog Lúnasa ó BÁC agus Glaschú.

 

 

 

10 gcúis le teacht chuig Féile Tóstail “Loinneog Lúnasa” i nGaoth Dobhair

10 gcúis le teacht chuig  Féile Tóstail “Loinneog Lúnasa” i nGaoth Dobhair in Iarthuaisceart Dhún na nGall, ina bhfuil níos mó ná 170 imeachtaí Tóstail againn.

Deir ball de choiste na féile, Cathal Ó Gallchóir, tá níos mó i gceist le Loinneog Lúnasa ná ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht chultúrtha shaibhir an cheantair. “Bhí muid ag iarraidh féile a chruthú a dhéanfadh, ní amháin ceiliúradh ar an traidisiún ach a chothódh agus a spreagfadh ceoltóirí agus amhránaithe leis an traidisiún sin a thabhairt leo. Sin an fáth go bhfuil ceardlanna, ceolchoirmeacha agus seisiúin eagraithe againn leis an chuid is fearr de cheol na hÉireann. Tá bród millteanach ar Loinneog Lúnasa scileanna cuimsitheacha an cheantair a chur chun tosaigh”.


Má tá cúis de dhíth ort le teacht, seo chugat deich gcinn.


Is príomh-imeacht Tóstail na Gaeltachta í Loinneog Lúnasa, urraithe ag Údarás na Gaeltachta, Tionscnamh Lugh, Foras na Gaeilge, Fáilte Ireland agus Tóstal Dhún na nGall.


Beidh teacht le cheile speisialta de phíobairí uillinn a bhéas mar pháirt de réimse imeachtaí eagraithe i gcomhar leis Na Píobairí Uilinn. Beidh píobairí ó i bhfad is i gcéin ag taisteal le freastal ar cheardlanna le Gay McKeon, Tommy Keane, Emmet Gill agus Seán Óg Potts.


Beidh Moya Brennan, amhránaí clúiteach le Clannad, ag pilleadh ar a baile dúchais do choirm ceoil i dTábhairne Leo, áit a mbeidh sí ag gabháil cheoil i gcuideachta baill óga dá clann féin.


Tá Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill, iar-bhaill den sárghrúpa Skara Brae ag bualadh i gcuideachta an chruitire Laoise Kelly i dTeach Hiúdaí Beag. (a bhfuil cliú air mar an áit a mbíonn na seisiúin is fearr in Éirinn!)


Ó tharla go raibh Gaoth Dobhair ar an ghearrliosta de na háiteacha is fearr le cuairt a thabhairt orthu in Éirinn sa phobalbhreith is déanaí san Irish Times agus ó fógraíodh go bhfuil an méid is mó Bratacha Gorma bainte amach ag Dún na nGall as na contaetha uilig sa tír, níl am níos fearr ann le cuairt a thabhairt ar an cheantar bríomhar Gaeltachta is faide thiar thuaidh in Éirinn.


Mar chuid de athbheochan thraidisiún na gcurach, beidh taispeántas rása curach le coimhéad, no le páirt a ghlacadh ann, ó ché Mhachaire Gathlán. Le Cumann na gCurach Gaoth Dobhair agus Seoltoireacht Selkie.


Beidh taispeántas “Glass Album sa Ghailearaí i nGaoth Dobhair ina mbeidh ealaín úr ag ealaíontóirí comhaimseartha ar nós Walead Beshty, Matt Collishaw agus Eoghan Mc Tigue. Faigheann siad inspioráid ó chartlann grianghraf leis an ghrianghrafadóir as Doire James Glass maidir leis an cás cúirte do dhúnmharú a cuireadh in éadan an Ath. Mac Pháidín as Gaoth Dobhair le linn Cogadh na Talún i 1889.

Cuirfidh an grúpa An Crann Óg agus Aoife Ní Fhearraigh tús leis an fhéile le coirm bhríomhar ceoil ag Teach Mhicí – an gnó teaghlaigh is sine sa pharóiste, áit a raibh bainis ag Mairead Ní Mhaonaigh agus Frankie Kennedy agus ar bhuail Phil Coulter “The Town I Loved so Well” ar an phianó san óstán. Agus ná déan dearmad go bhfaighfidh tú pionta Guinness den scoth ann fosta!

Beidh léiriú speisialta den scannán faisnéise “An Píobaire Mór” i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Rugadh Tarlach Mac Suibhne i gContae Dhún na nGall agus tá sé curtha i reilig Mhachaire Gathlán. Bhain sé cliú agus cáil amach nuair a ghlac sé páirt sa World Exhibition i Chicago agus bhain Craobh an Domhain sa Phíobaireacht.

Beidh ceardlanna damhsa agus amhránaíochta ar an tsean- nós le Doimnic Mac Giolla Bhríde agus Jacqui Bradley agus céilithe agus léirithe damhsa seit i dTeach Jack ar an Ghlaisigh.

Agus, má tá ocras ort ina dhiaidh sin uilig, gheobhaidh tú an bia mara is fearr sa Ghaeltacht i dTeach Sheáin Óig.


Bígí linn ag  Loinneog Lúnasa 2013.