Cadhcáil farraige le Rock agus Roam

Tá cadhcáil farraige dochreidte le fáil ar  chósta  Iarthar Dhún na nGall. Beidh treoraí, ar a bhfuil cáil domhanda, James O'Donnell ag tógáil an ghrúpa  chun farraige ar thuras íontach nach ndéantar dearmad air, agus beidh sé ag buaileadh isteach chuig cúpla seod spéisialta ar an bhealach. .

Tá an turas seo curtha le chéile ionas go mbeidh an deis is fearr agat blaiseadh ar leith a fháil  ar an ghníomhaíocht uisce seo, is cuma cé acu tosaitheoir thú nó duine le roinnt taithí.

Crohy Head

Chifidh tú go cinnte roinnt de na hoileáin is iargúlta agus is deise a luíonn amach ó chósta Dhún na nGall , le pluaiseana ollmhóra , stacáin farraige , áirsí móra agus áilleacht nach dtig a chur i bhfocal .

Tá an turas seo teoranta ag 8 nduine le cinntiú go mbainfidh achan nduine an tairbhe is mó as an ghníomhaíocht .


** Cuirtear gach trealamh ar fáil don ghníomhaíocht . Níl agat ach sean phéire bróga gur cuma leat iad a bheith fliuch, a thabhairt leat, chomh maith le deoch agus tuáille .

Amharc ar na híomhánna agus físeáin agus beidh a fhios agat ansin an taithí iontach atá i ndán duit

( Cuir nasc )

Fad : 3 uair a chloig

Tá seisúin dírithe ar dhaoine le taithí Cadhcála, cuir in iúl dúinn go bhfuil taithí agat.

Teoranta ag 8 nduine. Rachaidh an grúpa seo ar thuras farraige thart ar chósta  Dhún na nGall, ag tabhairt cuairt ar thránna iargúlta, oileáin agus pluaiseanna, stacáin agus áirsí farraige nach bhfeadfaí a fheiceail ar dhóigh ar bith eile .


Tá seans maith go bhfeicfidh tú ainmhí farraige cosúil le rónta, siorcanna deilfeanna nó an radharc is iontaí ar fad, liamhán gréine! Bí cinnte go mbíonn ceamara leat a dtig a fhliuchadh!

Beidh deis agat fosta roinnt cóitseála a fháil ón treoraí le linn don ghrúpa
a bheith ag gluaiseacht ar an fharraige.



Yoga mar páirt do Rock agus Roam Seó mór an Earraigh

Ceardlanna Yoga, gualainn sásta, croí sásta

 

Seo rang ina bhfuil béam ar spás a chruthú fá na gualainneacha agus an chroí, chomh maith le sin beidh machnamh i dtús baire agus cleachtadh análaithe.

Ta béam sa rang seo  láidaireacht agus fuinneamh a chruthú sa chorp le réimse gníomhaíochtaí yoga.

Ag bogadh leis an anál i rith an ranga. Beidh machnamh agus cleachtadh análaithe sa rang chomh maith.

Sath 29 & Domh 30 Márta 2014 agus 5ú & 6ú Áibrean, Maidin agus tráthnóna, amanna le leagadh amach
Treimhse: 90bomaite, saor mar páirt do pácáiste nó €6

Luaigh ag am cuir in áirithe maidin nó tráthnóna, an tSathairn nó an Domhnach.

 

Seoltóireacht le Rock agus Roam i nGaoth Dobhair

Ar smaoinigh tú i riamh triall a bhaint as  seoltóireacht?

Seo deis lá a chaitheamh ar an fharraige ag foghlaim scileanna seoltóitreacht le seoltóir áitiúil, cáilithe, Gareth Doherty.

 

Chuala gach duine faoi oileain Dhún na nGall, ach seo deis na hoileain seo a fheiceáil ar bhád seoltóireachta tradisiúinta. Rachaimid thart ar Ghola, Inis Oirthir agus Inis Meain.

Beidh radharcanna ar fheabhas againn de na hoileain mhóra- Toraigh agus Árainn Mhór, beidh deis ann chomh maith siúlóid a ghlacadh  thart ar cheann acú, - tá súil again!.

Tá na hoileain seo aitheanta mar gheal ar na beanna farraige agus na huaimh atá orthú , seoda ar an Atlantach lán & de stair agus oidhreacht.

Ba chóir go bhfeicfimid deilfín, go leor éanlaith shuimúila agus rónta.

Níl cead ach do 6 dhuine ar an turas seo, mar sin bí cinnte agus áit a chuir in áirithe go luath mar go bhfuil éileamh ar na turais seo.

Traditional Lug rig

Rock agus Roam Yoga sessions Errigal Hostel, Dunlewy

Yoga

Happy shoulders, happy heart Yoga Workshop

Sat 29th & Sun 30th March 2014. And 5th-6th April, Am & Pm times TBC
Duration: 90mins per session free as part of a package or €6

Niamh our yoga expert will offer classes in restorative and hatha yoga on Saturday and Sunday. This will take place in the hostel, please bring your own mats, or state that you need to borrow one when booking.

This class begins with a heart focused meditation, and will include a focus on shoulder, opening stretches,  the upper back and heart as well  heart led standing postures, gentle forward and back bends, as well as pranayama(breathing exercises) before savasanna (relaxation)

Build strength and invigorate !

Creating space and build strength, you’ll practice a mindfully paced sequences of postures, including sun salutations, invigorating standing warrior sequence, detoxifying twists, sidebends and hip openers. With a focus on movement with mindful breath this class includes a short guided meditation and  pranayama.

This class is open to all levels.

Booking is absolutely essential. Please state a morning or evening class.