Cadhcáil farraige le Rock agus Roam

Tá cadhcáil farraige dochreidte le fáil ar  chósta  Iarthar Dhún na nGall. Beidh treoraí, ar a bhfuil cáil domhanda, James O'Donnell ag tógáil an ghrúpa  chun farraige ar thuras íontach nach ndéantar dearmad air, agus beidh sé ag buaileadh isteach chuig cúpla seod spéisialta ar an bhealach. .

Tá an turas seo curtha le chéile ionas go mbeidh an deis is fearr agat blaiseadh ar leith a fháil  ar an ghníomhaíocht uisce seo, is cuma cé acu tosaitheoir thú nó duine le roinnt taithí.

Crohy Head

Chifidh tú go cinnte roinnt de na hoileáin is iargúlta agus is deise a luíonn amach ó chósta Dhún na nGall , le pluaiseana ollmhóra , stacáin farraige , áirsí móra agus áilleacht nach dtig a chur i bhfocal .

Tá an turas seo teoranta ag 8 nduine le cinntiú go mbainfidh achan nduine an tairbhe is mó as an ghníomhaíocht .


** Cuirtear gach trealamh ar fáil don ghníomhaíocht . Níl agat ach sean phéire bróga gur cuma leat iad a bheith fliuch, a thabhairt leat, chomh maith le deoch agus tuáille .

Amharc ar na híomhánna agus físeáin agus beidh a fhios agat ansin an taithí iontach atá i ndán duit

( Cuir nasc )

Fad : 3 uair a chloig

Tá seisúin dírithe ar dhaoine le taithí Cadhcála, cuir in iúl dúinn go bhfuil taithí agat.

Teoranta ag 8 nduine. Rachaidh an grúpa seo ar thuras farraige thart ar chósta  Dhún na nGall, ag tabhairt cuairt ar thránna iargúlta, oileáin agus pluaiseanna, stacáin agus áirsí farraige nach bhfeadfaí a fheiceail ar dhóigh ar bith eile .


Tá seans maith go bhfeicfidh tú ainmhí farraige cosúil le rónta, siorcanna deilfeanna nó an radharc is iontaí ar fad, liamhán gréine! Bí cinnte go mbíonn ceamara leat a dtig a fhliuchadh!

Beidh deis agat fosta roinnt cóitseála a fháil ón treoraí le linn don ghrúpa
a bheith ag gluaiseacht ar an fharraige.