10 gcúis le teacht chuig Féile Tóstail “Loinneog Lúnasa” i nGaoth Dobhair

10 gcúis le teacht chuig  Féile Tóstail “Loinneog Lúnasa” i nGaoth Dobhair in Iarthuaisceart Dhún na nGall, ina bhfuil níos mó ná 170 imeachtaí Tóstail againn.

Deir ball de choiste na féile, Cathal Ó Gallchóir, tá níos mó i gceist le Loinneog Lúnasa ná ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht chultúrtha shaibhir an cheantair. “Bhí muid ag iarraidh féile a chruthú a dhéanfadh, ní amháin ceiliúradh ar an traidisiún ach a chothódh agus a spreagfadh ceoltóirí agus amhránaithe leis an traidisiún sin a thabhairt leo. Sin an fáth go bhfuil ceardlanna, ceolchoirmeacha agus seisiúin eagraithe againn leis an chuid is fearr de cheol na hÉireann. Tá bród millteanach ar Loinneog Lúnasa scileanna cuimsitheacha an cheantair a chur chun tosaigh”.


Má tá cúis de dhíth ort le teacht, seo chugat deich gcinn.


Is príomh-imeacht Tóstail na Gaeltachta í Loinneog Lúnasa, urraithe ag Údarás na Gaeltachta, Tionscnamh Lugh, Foras na Gaeilge, Fáilte Ireland agus Tóstal Dhún na nGall.


Beidh teacht le cheile speisialta de phíobairí uillinn a bhéas mar pháirt de réimse imeachtaí eagraithe i gcomhar leis Na Píobairí Uilinn. Beidh píobairí ó i bhfad is i gcéin ag taisteal le freastal ar cheardlanna le Gay McKeon, Tommy Keane, Emmet Gill agus Seán Óg Potts.


Beidh Moya Brennan, amhránaí clúiteach le Clannad, ag pilleadh ar a baile dúchais do choirm ceoil i dTábhairne Leo, áit a mbeidh sí ag gabháil cheoil i gcuideachta baill óga dá clann féin.


Tá Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill, iar-bhaill den sárghrúpa Skara Brae ag bualadh i gcuideachta an chruitire Laoise Kelly i dTeach Hiúdaí Beag. (a bhfuil cliú air mar an áit a mbíonn na seisiúin is fearr in Éirinn!)


Ó tharla go raibh Gaoth Dobhair ar an ghearrliosta de na háiteacha is fearr le cuairt a thabhairt orthu in Éirinn sa phobalbhreith is déanaí san Irish Times agus ó fógraíodh go bhfuil an méid is mó Bratacha Gorma bainte amach ag Dún na nGall as na contaetha uilig sa tír, níl am níos fearr ann le cuairt a thabhairt ar an cheantar bríomhar Gaeltachta is faide thiar thuaidh in Éirinn.


Mar chuid de athbheochan thraidisiún na gcurach, beidh taispeántas rása curach le coimhéad, no le páirt a ghlacadh ann, ó ché Mhachaire Gathlán. Le Cumann na gCurach Gaoth Dobhair agus Seoltoireacht Selkie.


Beidh taispeántas “Glass Album sa Ghailearaí i nGaoth Dobhair ina mbeidh ealaín úr ag ealaíontóirí comhaimseartha ar nós Walead Beshty, Matt Collishaw agus Eoghan Mc Tigue. Faigheann siad inspioráid ó chartlann grianghraf leis an ghrianghrafadóir as Doire James Glass maidir leis an cás cúirte do dhúnmharú a cuireadh in éadan an Ath. Mac Pháidín as Gaoth Dobhair le linn Cogadh na Talún i 1889.

Cuirfidh an grúpa An Crann Óg agus Aoife Ní Fhearraigh tús leis an fhéile le coirm bhríomhar ceoil ag Teach Mhicí – an gnó teaghlaigh is sine sa pharóiste, áit a raibh bainis ag Mairead Ní Mhaonaigh agus Frankie Kennedy agus ar bhuail Phil Coulter “The Town I Loved so Well” ar an phianó san óstán. Agus ná déan dearmad go bhfaighfidh tú pionta Guinness den scoth ann fosta!

Beidh léiriú speisialta den scannán faisnéise “An Píobaire Mór” i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Rugadh Tarlach Mac Suibhne i gContae Dhún na nGall agus tá sé curtha i reilig Mhachaire Gathlán. Bhain sé cliú agus cáil amach nuair a ghlac sé páirt sa World Exhibition i Chicago agus bhain Craobh an Domhain sa Phíobaireacht.

Beidh ceardlanna damhsa agus amhránaíochta ar an tsean- nós le Doimnic Mac Giolla Bhríde agus Jacqui Bradley agus céilithe agus léirithe damhsa seit i dTeach Jack ar an Ghlaisigh.

Agus, má tá ocras ort ina dhiaidh sin uilig, gheobhaidh tú an bia mara is fearr sa Ghaeltacht i dTeach Sheáin Óig.


Bígí linn ag  Loinneog Lúnasa 2013.