10 Fáth Cuairt a thabhairt ar Iarthuaisceart Dhún na nGall

Tá sé uilig againne anseo in Iarthuaisceart Dhún na nGall agus anois go háirithe i mBliain an Tóstail.  Go dtí seo, tá thar 150 imeacht againn don Tóstal. Níl caill ar bith air sin!


Seo thíos cuid de na fáthanna gur chóir duit cuairt a thabhairt ar an chuid iontach seo den tír.

10 Fáth le cuairt a thabhairt ar Iarthuaisceart Dhún na nGall an samhradh seo:

Mar chuid de Fhéile Ealaíne an Earagail, beidh Clannad agus Altan ar an ardán ag Aerfort Dhún na nGall do choirm ceoil iontach “Abhaile”, atá mar phríomh-imeacht ag Tóstal Dhún na nGall.

Ní thiocfaidh tú ar sheisiúin cheoil traidisiúnta agus sean-nóis níos fearr na anseo sa Ghaeltacht. Ní bheadh a fhios agat cé a bheadh ag bualadh!

Tá cultúr na hÉireann iontach láidir in Iarthuaisceart Dhún na nGall, sa teanga, sna traidisiúin, sna nósanna agus sa cheol, a bhfuil iomrá air ar fud an domhain.

Níl deireadh leis na tránna bána gainimh agus uisce geal an Áigéin Atlantach, gan bheith ag caint ar na locha agus na haibhneacha.

Níl ann ach turas beag báid idir tú agus oileáin ar nós Toraigh, Gabhla agus Árainn Mhór.

“Tá níos mó carraigeacha i nDún na nGall ná in áit ar bith eile in Éirinn” Dreapadóireacht Carraige.

Ag Loinneog Lúnasa, an fhéile cheoil i nGaoth Dobhair, beidh píobairí uillinn ar nós Gay McKeon ag bualadh agus beidh Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill as Skara Brae ag teacht le chéile le Laoise Kelly Tigh Hiuidaí Beag. Beidh ceardlanna ceoil agus amhránaíochta ann chomh maith le taispeántas curach.


Tá bia úr na farraige ar fáil go flúirseach; sliogáin dubha, oisrí, trosc slogtha siar le Guin ness fíor-bhlasta.

Is ann atá an Ghaeltacht is mó i gCúige Uladh, áit aa labhraíonn beagnach achan duine Gaeilge.

Cuirfear fáilte is fiche romhat, beannóidh achan duine duit agus beidh siad ag iarraidh fáil amach cá has duit.

Beidh “Aonach Jack”, sean-aonach ag dul siar 200 bliain ar siúl arís ag Tábhairne Leo i Mín na Leice, baile dúchais Clannad agus Enya ar 13 Iúil. Beidh ealaín cearda, ainmhithe, ceol agus níos mó le feiceáil ann.

Is é an tEaragail i nGaoth Dobhair an sliabh is airde i nDún na nGall (agus i gCúige Uladh).

Níl anseo ach 10 fáth……..